Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Cultúr > An Ghaeilge > Seirbhísí i nGaeilge uainn

Seirbhísí i nGaeilge ón Chomhairle

Seirbhís Labhartha ar an Ghuthán

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle tríd an Lár-Ionad Custaiméara ar  (074) 91 53900.

 

Tabharfar rogha teanga do gach duine a chuireann scairt ar an uimhir sin, idir Gaeilge (brúigh Uimhir 1) nó Béarla (brúigh Uimhir 2). 

Molaimid don phobal, idir chainteoirí dúchais Gaeltachta agus chainteoirí líofa agus foghlaimeoirí taobh amuigh den Ghaeltacht, an tseirbhís Ghaeilge a úsáid trí bhrú ar Uimhir 1 nuair a thabharfar an rogha sin duit ar an chóras. 

 

Seirbhís Scríofa

Comhfhreagras / Litreacha

 

Tá de cheart reachtúil ag gach ball den phobal comhfhreagras / litreacha i nGaeilge, bíodh sin i bhfoirm leictreonach nó i bhfoirm scríofa, a chur chuig Comhairle Contae Dhún na nGall. Caithfidh an Chomhairle freagra a thabhairt ar an chomhfhreagras sin i nGaeilge.

 

Nuair a fhaigheann tusa comhfhreagras nó litir ón Chomhairle Contae mar chuid de litreacha atá á gcur chuig baill eile den phobal, agus an comhfhreagras sin tosaithe ag an Chomhairle Contae, agus más é cuspóir an chomhfhreagrais seo eolas a chur ar fáil duit féin agus do dhaoine eile sa phobal, is féidir go bhfuil dualgas reachtúil ar an Chomhairle an comhfhreagras sin a chur ar fáil go dátheangach, i nGaeilge agus i mBéarla.

 

Ma fhaigheann tú comhfhreagras mar seo i mBéarla amháin, agus má shíleann tú gur chóir go seolfaí i nGaeilge chomh maith é, agus más mian leat an scéal seo a fhiosrú, thig leat dul i dteagmháil leis an Oifigeach Forbartha Gaeilge ag na sonraí teagmhála thíos. Déanfar do chás a thaifead agus féachfar le feabhas a chur ar an tseirbhís trí chomhoibriú le seirbhísí eile na Comhairle.

 

 

Foirmeacha Iarratais

Tá de cheart agat gach foirm iarratais de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall a fháil i nGaeilge. Mura raibh tú in ann teacht ar leagan Gaeilge den fhoirm iarratais, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an Oifigeach Forbartha Gaeilge, ag úsáid na sonraí teagmhála thíos faoi seo, agus déanfar do chás a thaifead agus féachfar le foirm iarratais i nGaeilge a sholáthar duit gan mhoill, i gcomhar leis an rannóg chuí den Chomhairle.

 

Fá choinne ceisteanna a bhaineann le seirbhísí Gaeilge, déan teagmháil le:

Seán Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear, Contae Dhún na nGall. Phone: (074) 91 72496. Email: [email protected]